preloader

Seachtain na Gaeilge 2019 Méanscoil na mBráithre Críostaí, Ros Comáin

Bhí seachtain iontach againn sa scoil do Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Eagraíodh imeachtaí do na ranganna go léir agus bhí Gaeilge le cloisteáil i measc na ndaltaí timpeall na scoile.

Bhí comórtas ealaíne againn don Dara Bliain agus tráth na gceist don Triú Bliain. Bhí toraíocht taisce agus comórtas filíochta le linn na seachtaine don Chéad Bhliain agus bhí an-chraic againn timpeall na scoile.  Bhí Céilí don Idirbhliain agus tugadh deis do na daltaí na céimeanna a chleachtadh.

Bronnadh duaiseanna do na buaiteoirí agus comhghairdeas do na daltaí go léir mar rinneadh sár iarracht gan dabht!

Is deas an Ghaeilge a chloisteáil is Cultúr na Gaeilge a bhlaiseadh i rith Seachtain na Gaeilge. Mar a deir an seanfhocal, ‘Beatha teanga í a labhairt.

admin